Achoimre

Bunaíodh Aontas Daltaí Iar-Bhunscoile na hÉireann sa bhliain 2008. ‘Sé an ionadaí do dhaltaí iarbhunscoile i bPoblacht na hÉireann. Is le daltaí dara leibhéal na hÉireann an t-Aontas.

Is iad príomh aidhmeanna an Aontais ná:

  • Tacaíocht a thabhairt do chomhairlí na ndaltaí ar fud na tíre. 

  • Polasaithe a fhorbairt ar fadhbanna atá ag cur isteach ar dhaltaí meánscoile agus cearta na ndaltaí a chur chun cinn. 

  • A bheith trédhreacach, daonlathach, agus muiníneach

  • Obair a dhéanamh le hinstitiúidí oideachaise eile in Éirinn agus san Eoraip. 

  • Obair a dhéanamh le páirtnéirí oideachaise chun forbairt leanúnach a dhéanamh ar chóras oideachais féaráilte agus nua-aimseartha. 

  • Árdan a thabhairt do dhaltaí a nguth a ardú. 

Bunaítear ballraíocht an Aontais ar mhionsamhail Chomhairle na nDaltaí, agus bíonn an t-Aontas ag obair ar thacaíocht agus ar thraenáil a thabhairt dá mbaill. 

Tríd an tacaíocht seo, teastaíonn ó ADIÉ árdán láidir a chruthú do dhaltaí ar gach léibhéal den chóras oideachais. Ba cheart go mbeadh daltaí in ann a nguth a úsáid sa chinní a dhéantar fúthú, agus ciallaíonn sé seo go bhfuil gá orthu a bheith suite ag an mbord chinnte.

Is leis na daltaí an t-Aontas. 

Tabhair cúntas den Cháirt ADIÉ i gComhair Guth na nDaltaí.


RÁITEAS AISLINGE

“Oibreoidh an Aontas Daltaí Iar-bhunscoile na hÉireann i dtreo córas oideachais féaráilte - creidimid go bhfuil tábhacht ar smaointí na ndaltaí agus is cinnte ba cheart go mbeadh meas ar dhaltaí na hÉireann.”

RÁITEAS MHISIN

“Beidh Aontas Daltaí Iar-bhunscoile na hÉireann (ADIÉ) mar spreagthóir d’athrú i gcóras oideachais na hÉireann, ag iarradh an oideachas a chur chun cinn trí dhaoine óga a mholadh a gcuid guth a n-ardú dá cearta agus dá oideachas.”


Tugann Bunreacht an Aontais cúntas ar seo:

Oibreoidh ADIÉ:

  • Do chóras oideachais agus traenála oscailte do chách ionas go mbeidh gach uile dalta in ann a bheith ar bharr a chumas. 

  • Do chóras oideachais agus traenála féaráilte a chuireann leas na ndaltaí chun tosaigh. 

  • Don soláthar d’acmhainní a chuireann buntáiste ar fáil do dhaltaí na hÉireann. 

  • Mar ionadaí do dhaltaí, chun tacaíocht a chur ar fáil, chun traenáil a thabhairt agus chun obair a dhéanamh le Comhairlí na nDaltaí éagsúla.